Donations

Máire xx 9th September 2020

Cronaím do chraic agus do chomhairle chiúin, an ráiteas a rinneadh le loinnir i do shúil, agus go háirithe mo latte nuair a thugaim cuairt ort… agus an ceol … (níor sheinm muid le chéile i gconaí ach bhí sé ar dóigh nuair a tharla sé). Smaoiním ort agus tú le chéile le do chairde agus le do theaghlach - b’fhéidir go bhuail tú le mo dhaidí anois agus tá tú ag caint leis faoina scéalta (tá súil agam nach bhfuil sé ag cur isteach ort lena chnámha!) Thig leat na ceisteanna uilig a chur air nach bhfuil na freagraí uilig agam! Tá mé cinnte go bhfuil sibh uilig thuas ansin le chéile ag amharc anuas orainn uilig, ag tabhairt aire dúinn agus ag cuir iarratais aisteach isteach leis an Fhear Mhór thuas an staighre nuair is gá! Go ndéana Dia Trócaire ar do anam uasal. Siobhán; tá sibh uilig inár bpaidreacha.